Is é aidhm an chláir seo ná an Ghaeilge a chothú agus a chur chun cinn lasmuigh den Ghaeltacht trí mhaoiniú a chur ar fáil d’eagraíochtaí deonacha chun cur ar a gcumas an Ghaeilge a chur chun cinn. Is féidir maoiniú a chur ar fáil freisin do thograí nuálacha eile a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo agus a thacóidh go háirithe le cur i bhfeidhm na spriocanna atá sonraithe sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.
Tá 12 chuid san fhoirm iarratais seo:
1. Sonraí teagmhála an iarratasóra
2. Aidhmeanna agus obair na heagraíochta
3. Struchtúr rialachais na heagraíochta
4. Struchtúr foirne na heagraíochta
5. Eolas faoin iarratas
6. Gníomhaíochtaí agus táscairí feidhmíochta
7. Ioncam agus caiteachas measta an togra iarratais
8. Cuspóirí na Straitéise 20 Bliain
9. Eolas ábhartha eile
10 Polasaí cosanta leanaí
11. Dearbhú
12. Aguisín 1 – Comhlíontacht leis an treoir Tús Áite do Leanaí